Ba dhóbair dó sleamhnú tharainn sna laethanta seo nuair atáthar ag meá Billie Eilish agus Ed Sheeran agus Taylor Swift agus dán na cruinne. Fós féin tá ar cheann de dhátaí móra na beatha, an 9ú Lúnasa sin fadó. Tar éis an tsaoil ní raibh ann ach buama adamhach amháin eile, agus má dhéantar caille an tsaoil a réabadh aon uair amháin, cá miste é a dhéanamh arís is arís eile?
Ar an lá sin 1945 scaoil aerfhórsa na Stát Aontaithe buama adamhach eile anuas ar shaoránaigh neamhchiontacha Nagasaki agus iad ag siúl na slí, nó ag tabhairt páistí chun na scoile, nó ag ullmhú caife na maidine, nó i mbun sóláis a thabhairt d’othair, nó ag athrú clúidín linbh, nó ag léamh filíochta go socair, nó ag baint an fhéir, nó ag tabhairt cuimilt don mhadra, nó ag taibhreamh go fada bog binn, nó ag tochas gabhail, nó ag réiteach bia, nó ag filleadh éadaí, nó ag cur bróga umpu, nó ag smaoineamh ar an oíche nach dtiocfadh, nó ag mallachtú an t-impire, nó ag baint dusta den tseilf, nó ag ceangal iall bróige, nó ag cur an chait amach, nó ag cabaireacht le comharsa, nó ag cur comhad i mála, nó ag ullmhú an chéachta, nó ag ní cupán, nó ag comhaireamh saki, nó ag réiteach gruaige, nó ina suí ar leithreas, nó ag áireamh scaireanna, nó ag glanadh fiacla, nó ag marana ar chora chrua an tsaoil, nó ag cumadh haiku, nó ag cur púdar cnis ar aghaidh, nó ina luí ar leaba gan éirí, nó ag réiteach bia nó go díreach ina seasamh gan aon rud faoi leith ag cur as dóibh nuair a d’imigh siad húis! san aon uileloscadh smálbhleaisteach amháin.
Ní hé gur déanadh feoil den bhriathar mar atá sa Bhíobla, ach gur déanadh gal den duine.
De dheasca Nagasaki tá glactha leis gur féidir airm núicléacha a úsáid, ní mar léiriú uafáis aonair eisceachtúil leis féin, ach mar arm amháin eile nuair is gá.
Feictear é sin sna bagairtí éagsúla folaigh agus oscailte atá déanta ag an Rúis sa chogadh concais acu ar an Úcráin. Glactar uafás leis, ach mo thuairim gurb uafás bréige é. Ní leasc le haon chumhacht a bhfuil airm núicléacha an diabhail acu aimhleas a bhaint astu sa chás is go mbeadh gátar leo.
Thairg SAM a leithéid don Fhrainc nuair a bhí siad á gcloí in Dienbienphu, Bhagair MacArthur an scrios céanna le linn chogadh na Cóiré. Dúradh nach mbeadh aon leisce ar na Sasanaigh an cárta dubh a imirt dá mbeadh go raibh le bheith thiar orthu i gcogadh na Fáclainne. Má tá an lón marfach agat, beifear ann atá toilteanach aimhleas a bhaint as.
Bhí tráth ann nuair a bhítí sceimhlithe faoi seo. D’fhan na muisiriúin sin os cionn Nagasaki agus Hiroshima fara na galghóstaí, na taibhsí gan dath, na hamhailtí ciúinchaola in aigne dhaoine ionas go mbíodh léirsithe ar na sráideanna ag cur in aghaidh na mbuamaí ollscriostacha sin nach raibh ag Saddam ná ag Ghadaffi. Bhí siad ‘againn’ gan amhras, agus ‘sinn’ breá toilullamh ar iad a scaoileadh, ‘sinne’ thiar is thoir. Tá fós.
Tá fós. Samhlaigh an duine a bhí in aice leat ar scoil, gnáthdhuine nach ndúirt mórán. Níor thug tú aon bheann air. Sin é nó a shamhail atá i gcumhacht anois sa Chreimlín nó sa Teach Bán nó i hallaí marmair Beijing nó ar bhruacha na Séine. Níor shealbhaigh aon ghaois faoi leith ach an oiread leatsa.
Fós féin is féidir leis nó léi cur as duit agus don saol lena mhéirín beag ar chnaipe níos lú go díreach mar a tharla don mhuintir nach-ann-dóibh Nagasaki 9ú Lúnasa 1945.