Tá difríocht mhór amháin idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis nach luaitear go minic. Má eagraíonn tú iarracht leamh ar coup d’état sna Stáit tá seans maith ann go bhféadfá a bheith ina uachtarán arís ann, ach má dhéanann tú a leithéid chéanna sa Rúis is ródhócha go séidfear san aer tú luath nó mall.
Ar éigean gur chuir sé iontas ar dhuine ar bith go raibh ‘timpiste’ eitleáin ag Pricóisín agus a chairde le déanaí, b’é a mhoille is a ghlac sé an t-aon ábhar díospóireachta amháin a bhí ann. Is dócha gur shíl na húdaráis a cheap an beart go mbeadh pléascadh breá lasnairde sna spéartha níos éifeachtaí ná bolgam d’ábhar doshláintiúil sa chaife nó priocadh beag nimhe i gcolpa na coise le bior de scáth fearthainne ag siúl na slí. N’fheadair aon duine conas a shíl an ceiliúrán úd de chef go bhféadfadh sé tancanna a chur ag gluaiseacht ar an mbóthar go Moscó agus teacht slán mura mbeadh sé éiritheach sa ghníomh an chéad lá.
Seans maith go raibh an iomad leabhar Gordon Bliú léite ag Pricóisín seachas pinsín beag salainn den stair. Ní fhoighníonn Tsár ar bith, bíodh sé dearg, buí, gorm nó oráiste féin le freasúra oscailte nó le dúshlán poiblí a thriaileann a mhiotal nó a chruach. Tá sé ródhéanach anois, ach mar mhalairt ar bhéile blasta uaidh, chomhairleoinn dó marana beag a dhéanamh ar Lev Bronstein agus ar tharla dó siúd nuair a thug sé ‘reiligire na réabhlóide’ ar Sheosamh Jugashvili.
Dealraíonn go raibh ceannairí na Rúise chomh ceanúil ar ainmneacha cleite is a bhí scríbhneoirí na Gaeilge fadó, bídís mar an Seabhac nó an Craoibhín Aoibhinn nó an Géagán Glas nó an Nóinín Gaelach nó an Tuisle Ghimideach. Ghlac Ioseb Besarionis dze Jugashvili Stalin mar ainm pinn chuige féin mar shíl sé gur oir dó, agus ní fios conas ar bronnadh Trotscaí ar Bhronstein murach gur iarracht a bhí ann a chúlra Giúdach a cheilt.
Ní maslaí polaitiúla amháin faoi dear do Stalin an t-olc a bheith istigh aige do Trotscaí, cé go rabhadar sin dona go leor. Thug sé ‘máistir ceathrún Hitler’ air chomh maith, agus d’áitigh go poiblí gur réabhlóid cheannairceach mhíleata amháin a chuirfeadh as dó. Tá lámh fhada ag an lámh dhearg, áfach, agus cé gur díbríodh Trotscaí ar fud an tsaoil go dtí gur lonnaigh sé faoi dheireadh - agus ar deireadh - i Meicsiceo, bhí méara fada Stalin ag síneadh chuige diaidh ar ndiaidh.
Ní foláir nó bhí a fhios aige, mar a bhí a fhios ag Pricóisín dá mbeadh an ruainne is lú de mhótarbhealaí na staire ar eolas aige. Rúnaí Trotscaí, shuigh sé síos chun bricfeasta maidin lá breá gréine buí i bPáras, agus fág nár ith sé pioc, piocadh a chorp as an Seine cúpla seachtain ina dhiaidh sin sans cloigeann sans cosa.
Ceannaire airm den scoth ba ea Trotscaí. Bhí baint mhór aige le bua an Airm Dheirg in aghaidh na bhfórsaí idirnáisiúnta a chnuasaigh i gcoinne na Rúise tar éis dóibh rialtas lofa na Rómanaf a dhíbirt. Ceannaire chipí agus geaingeanna robálaithe banc ba ea Stalin ina óige a d’fhágfadh eachtraí Billy the Kid nó Kelly na hAstráile in áit an leathrúibil ar fad. Cé acu ab fhearr mar oiliúint pholaitiúil?
N’fheadaraís, agus is ródhócha nach mbeidh a fhios againn go deo cé a leag an buama nó a scaoil an diúracán a leag Pricóisín agus gach ar bhain leis. Ach b’é Ramón Mercader a phlanc an phiocóid oighir isteach i gcloigeann Trotscaí sa bhliain 1940 le beannachtaí Stalin, rud a léiríonn go milleann muilte an tsaoil go bun ach milleann siad gan chion.