Bhí iontas ar an aos cabaireachta go raibh éileamh chomh mór sin ar na Wolfe Tones ag an bPicnic Leictreach an deireadh seachtaine cheana. Is é nár tuigeadh ná go raibh éileamh mór riamh orthu. Níor tuigeadh sin mar bhí bac agus cosc agus míghreann ar an saghas amhránaíochta a chleacht siad agus nár airíodh a nguth garbh glórach grabach meidhreach ar na tonnta aeir de dheasca Ailt 31 den Acht Craolacháin abhus agus an eagla a dingeadh i gcroíthe craoltóirí go seinnfí siolla míchuí.
Ní rabhas riamh ag coirm cheoil dá gcuid le ceart, cé gur airíos iad ag Siamsa Cois Laoi na blianta ó shin nuair a bhí ceoltóir leamh éigin, Chris Kristofferson nó Don pióg McLean mar phríomhamhránaí. Bhí an slua ag liúrach chomh mór sin gurbh éigean do Bhrian Warfield ‘píosa ciúnas’ a lorg, rud a raibh a ghreann féin leis. Agus ráinig mé a bheith i mBun Dobhráin nuair a bhí siad ag seinm in óstán le hais na sráide, agus níorbh fhéidir dul thar an mbrúisc a bhí ag plúchadh na sráide lasmuigh agus mé ag iarraidh dul thairis.
Bhí an ‘Éire faoi cheilt’, an ‘hidden Ireland’ riamh ann, agus mórleisce aon chuimilt a bheith ag an aicme oifigiúil leis na Wolfe Tones. B’é íoróin an chúrsa ná go raibh go leor dá gcuid amhrán ar shiollabais bhunscoile agus mheánscoile nuair a bhí glúnta tosaigh an stáit ag teacht in inmhe. Gaiscíoch mór bailéad ba ea Thomas Davis ar feadh breis agus céad bliain, ach cuireadh corc ina bhéal nuair a ceapadh go raibh sé treascrach… arís. Bhí ‘The Lonely Woods of Upton’ le Seán Dunphy agus na Hoedowners go hard i gcairt na tíre chomh déanach le 1969, ach ar chúis éigin déanadh balbhú air.
Chuala amhránaí nótáilte Éireannach á rá nár airigh sí riamh ‘Down By the Glenside’ a bhíodh á sheinm nach mór gach aon Satharn ar chlár raidió Waltons ar feadh 30 bliain, go dtí gur tháinig deireadh leis sa bhliain 1981. Is féidir dul níos sia siar ná sin sa stair, óir ní cuimhin liom féin aon phioc d’amhráin mhóra 1798, ‘The Croppy Boy’, ‘Boolavogue’, ‘Henry Joy’ agus tuilleadh á gceol le linn blianta an chiúnais agus na náire.
Is í an cheist mhór a mhúsclaítear as seo ná b’fhéidir go dtuigfí cad ina thaobh nach gcraolfaí go leor de na hamhráin ba léire a bhain leis an gcogadh ó thuaidh. Bhí focail go minic iontu a chuirfeadh as do dhaoine, nó a chuirfeadh olc ar dhaoine eile. Mo thuairim féin nach drochrud é cur as do dhaoine, thiocfadh go gcuirfí ag machnamh iad. Ach má bhí amhras ar, abraimis, ‘The Men Behind the Wire,’, cad chuige a raibh drochbhlas ar amhráin a bhain le cogadh na saoirse, leis na Fíníní, le 1798, le ‘hAughrim’s Great Disaster’ Canon Sheehan féin a bhain le 1691?
Ná habair gur shíl na húdaráis go raibh baint éigin ar a raibh ar siúl soir ó thuaidh leis an 17ú haois?
Ní haon rud nua é cosc a chur ar cheol ná ar amhráin. Thuigfí go maith cén fáth nach mbeadh fonn ar Pháirtí an Lucht Oibre ‘Where oh where is our James Connolly?’ a chloisint ag an ísealfheis bhliantúil, nó gur dhíbir an BBC amhrán Paul McCartney ‘Give Ireland Back to the Irish’ ó na haerthonnta. Ach nuair a cuireadh gobán in ‘7 Drunken Nights’ na Dubliners ar RTÉ, bhí ‘Peigín is Peadar’ á chraoladh go síoraí buan ar Raidió na Gaeltachta, arb ionann iad.
Beidh boc deisce i gcónaí amuigh ansin ag iarraidh do chluasa a choimeád slán, ach tá croí ag an bpobal nach múchtar chomh furasta sin.