B’fhéidir gurb ait le daoine go bhfuil oiread sin tráchta mar gheall ar an sléacht agus an díothú daoine atá ar siúl sa Phalaistín faoi láthair suas is anuas le coscairtí eile atá ar bun anois nó a bhí le tamall. Tar éis an tsaoil, agus is tar éis an tsaoil seo dá lán é, tá barbarthacht ar siúl an t-am ar fad san Éimin agus níl na ceamaraí amuigh de ló is d’oíche ag nochtadh na gcorpán, an tarta agus an ocrais.
Tá caint ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, gan amhras, ach tá sin sleamhnaithe siar ar scáileán na nuachta, agus is beag fíoreolais a dháiltear orainn maidir leis an gcogadh laethúil ann, seachas an méid a dheonaítear nuair atá sin oiriúnach. Áirítear go bhfuil breis agus scór go leith de choinbhleachtaí míleata ag dul ar aghaidh i mbaill éagsúla ar fud an domhain anois, is cé nach bhfuil aon cheann díobh chomh fíochmhar leis an ionsaí atá á dhéanamh ag Iosrael ar Gaza is féidir go mbeadh áireamh na marbh chomh hard i gcuid acu leis an sléacht ar imeall an talaimh naofa.
Seachas an t-uafás laethúil, is fiú a fhiafraí cad ina thaobh go bhfuil éileamh againn ar an gcogadh áirithe seo seachas ceann ar bith eile? Cén fáth a bhfuil an deighilt idir daoine chomh paiseanta sin, an chlais dhénártha chomh soiléir, an fhimíneacht chomh dínáireach?
Freagra amháin is ea go bhfuil oiread sin eolais cheana againn ar stair an chine Ghiúdaigh, go fiú i ngan fhios dúinn. Duine ar bith a fuair tógáil Chríostaí de shaghas ar bith beidh sé eolach ar Ádhamh agus ar Éabha, ar Naoi agus an Áirc, ar Ióna sa mhíl mhór, ar Samson agus a chuid gruaige, ar bhean Lot agus na colúin salainn, ar Mhaois ar seachrán sa ghaineamhlach, ar Iapta agus a iníon (bhuel, b’fhéidir nach bhfuil eolas ar an gceann sin).
Agus sa chás is nár baisteadh sa reiligiún sin tú, beidh na scannáin feicthe agus Charlton Heston greanta sa chuimhne le dhá leac na ndeich n-aitheanta á iompar aige, seachas gunna. Nó má fuair tú oideachas i litríocht an Bhéarla agus gurbh éigean duit dánta maithe a léamh mar mhalairt ar uisce leamh na huaire, tá seans go mbeidh cuimhne agat ar ‘The Destruction of Sennecherib’ le Byron agus ar geall a rithim le sodar na gcapall ag dul sa chath ‘The Assyrian came down like a wolf ón the fold/ And his cohorts were gleaming in purple and gold…’ Sa Ghaeilge tá an leanbh Maois ina bháidín teanga ag Nuala Ní Dhomhnaill agus Teatrarc na Gailílí (seachas Patriarc na Gaillimhe) ag Pádraic Ó Conaire.
Is é sin, cuid dínn ar fad is ea scéal na nGiúdach. Agus mura bhfuil an oiread céanna eolais againn ar an bhfán fada a cuireadh orthu, ar a scaipeadh léanmhar ar fud na hEorpa agus cuid den Afraic le dhá mhíle bliain anuas, is cinnte go bhfuil uafáis an Uileloiscthe buailte isteach inár samhlaíocht.
Agus seo é croí na cúise. Níl, ní raibh riamh, agus ní bheidh go brách aon chúis a bheith frithGhiúdach. Tá ar cheann de na biogóideachtaí is gránna agus is do-mhaite dá bhfuil ann. Fairis sin, míthuiscint dhochreidte is bun leis, sa mhéid is gurbh iad na Rómhánaigh a mharaigh Críost, agus ní na Giúdaigh.
De dheasca an Uileloiscthe, áfach, tá ciontacht mhór throm tar éis tuirlingthe ar choinsias na hEorpa, go háirithe sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Ostair agus san Iodáil. Sin a ligeann dóibh ceadú d’Iosrael a rogha rud a dhéanamh. Ní leomhfaidh an Eoraip ná Meiriceá Iosrael a cháineadh fad is atá an tUileloscadh ina mbaclainn acu.