FOCLÓIR: Ionadh – surprise; taithí – experience; díbríodh an Ghaeilge – Irish was expelled; slánaitheoir – saviour; imeallú – marginalisation; imeaglú – intimidation; próiseas earcaíochta – hiring process; ríthábhachtach – all-important.
Bhí ríméad, agus b’fhéidir ionadh nach beag, ar go leor i bpobal na Gaeilge an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go raibh tús á chur ar deireadh le próiseas ceapacháin don Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh.
Trí bliana ó shin a gealladh go gcruthófaí an ról faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann). Thug an t-acht stádas oifigiúil don Ghaeilge agus don Ultais agus bhí Coimisinéirí Teanga le ceapadh, chomh maith le go leor eile.
Cé gur fáiltíodh roimh an reachtaíocht seo nuair a ritheadh í in Westminster in 2022, ba bheag iarracht a rinneadh san am ó shin chun forálacha na reachtaíochta a chur i bhfeidhm.
Jennifer Zamparelli: ‘We bought a sauna five years ago. My neighbours probably think we’re mad’
Jogger whose leg was broken in alleged collision with e-bike on footpath takes prosecution
Amy Broadhurst: ‘I was on the Irish team, then on the British team, now I’m on no team'
Five things we learned from Ireland’s comprehensive Six Nations defeat to France
Cáineadh dréachtchlár oibre Fheidhmeannas Stormont nuair a foilsíodh é anuraidh de bharr nach raibh aon tagairt don Ghaeilge ann agus, nuair a d’fhoilsigh Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill agus an Leas-Chéad-Aire Emma Little-Pengelly an Clár Rialtais nua 2024-27 an tseachtain seo caite, ní raibh aon tagairt ann don Ghaelscolaíocht ná eolas maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Gaeilge.
Ach ar an gCéadaoin seo caite, d’fhógair Oifig an Fheidhmeannais go gcuirfí tús le próiseas na hearcaíochta agus go mbunófaí Oifig an Choimisinéara Gaeilge mar chuid de chur i bhfeidhm na reachtaíochta. “Ar bhealach, tá sé ar cheann de na forbairtí is stairiúla do phobal na Gaeilge ó thuaidh le fada, fada, an lá,” a dúirt bainisteoir cumarsáide Chonradh na Gaeilge an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh.
“Céim mhór chun tosaigh [atá ann] ar an aistear seo i dtreo cearta teanga,” a dúirt sé.
Cé go raibh súil le ceapachán na gCoimisinéirí Teanga le fada, bhí an chosúlacht air go mbeadh doicheall an DUP i dtaobh na Gaeilge ina cheap tuisle buan.
“Nuair a thuigeann tú go bhfuil an DUP i bprionsabal ar bord, ag an bpointe seo is dócha go bhfuil muid i dtréimhse agus in am atá thar a bheith cinniúnach maidir le todhchaí na Gaeilge ó thuaidh trí chéile,” a dúirt Ó Tiarnaigh le Tuarascáil.
Is de bharr ghníomhachas na nglún roimhe seo a baineadh an buaicphointe seo amach, a dúirt sé.
“Is gá dúinn aitheantas ar leith a thabhairt do phobal na Gaeilge a sheas linn i ndlúthpháirtíocht le blianta, blianta, fada,” a dúirt Ó Tiarnaigh. “Is cuimhin liom a bheith ag amharc ar fhíseán de Íte Ní Chionnaith [iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge] agus í ag seoladh Bille Cearta Gaeilge do na sé chontae in 1986.
“I bhfad roimhe sin ar ndóigh, le linn na seachtóidí, nuair a bhí pobal Bhóthar Seoighe ag tosú amach, cé a chreidfeadh, nuair a bagraíodh an dlí orthu an t-am sin as oideachas a chur ar fáil i nGaeilge \[dá ngasúir\] go mbeimis, 50 bliain níos déanaí, ag amharc ar Choimisinéir Gaeilge a bheith ceaptha agus an DUP ag tabhairt beannachta dó sin?”
Ach cé gur chuir an cinneadh ríméad ar ghluaiseacht chearta na Gaeilge, tá amhras ann i gcónaí nach gcuirfidh an DUP cos sa doras.
“Tá baol mór ann,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Is gá freasúrthacht an DUP a lonnú sa chomhthéacs go raibh an stát ó thuaidh ina stát aontachtach riamh anall, agus gur chuir an stát ó thuaidh bac, imeallú agus imeaglú ar phobal na Gaeilge. Díbríodh an Ghaeilge ón tsochaí agus ó spásanna poiblí,” a dúirt sé.
“Lean an DUP leis an seasamh sin agus leis an idé-eolaíocht sin, agus tá neart daoine ag rá go bhfuil sé sin ag dul ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann—sin in ainneoin an chinnidh seo \[post an choimisinéara a cheadú\].”
Dúirt Ó Tiarnaigh gurb í “an laige is mó” leis an reachtaíocht ná go bhfuil ceart crosta ag an DUP ar fheidhmiú na reachtaíochta “ó thús go deireadh.”
De réir na rialacha, is gá don Chéad agus Leas-Chéad-Aire bheith ar aon ghuth chun an próiseas earcaíochta a chur ar bun, an Coimisinéir a cheapadh agus feidhmeanna an Choimisinéara a chur i bhfeidhm.
“Is gá go mbeadh comhthoil agus comhoibriú ann agus iad ag feidhmiú ar aon ghuth ar achan chéim den phróiseas,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Cé go bhfuil beannacht an DUP ann inniu, an rud a deir an taithí phianmhar atá againn leis an bpáirtí sin ná nár chóir agus nach féidir linn a bheith ag brath orthu. Ní haon slánaitheoir iad ar an Ghaeilge agus mar sin caithfidh muidne a bheith gníomhach, glórach, radacach agus ag eagrú go gníomhach i rith an ama chun an brú a choinneáil orthu.
Creideann Ó Tiarnaigh go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh an té a cheaptar mar choimisinéir ar ardchumas.
“An tuiscint atá againn ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna an choimisinéara ná má tá aon rud mór le déanamh ó thaobh catagóiriú, na heagrais phoiblí a rangú, na caighdeáin teanga a chríochnú agus a cheadú, agus na mórthuarascálacha [a fhoilsiú], gur gá go mbeadh beannacht an Chéad agus Leas-Chéad-Aire ar na rudaí sin.
“Leagfaidh an chéad duine a cheaptar creatlach síos do na daoine a thiocfaidh ina ndiaidh agus mar sin beimid ag iarraidh ar an chéad choimisinéir a bheith thar a bheith láidir agus forásach agus an oiread agus is féidir a bheith neamhspleách,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Beidh an chéad duine sin ina eiseamláir iontach tábhachtach do na daoine a thagann ina ndiaidh.”
Tá dóchas ag Ó Tiarnaigh faoi thodhchaí na Gaeilge agus creideann sé go bhfuil céim mhór tógtha anois sa treo ceart. “Níl aon amhras ann ach gur lóchrann dóchais é, gur féidir linn mar phobal an domhan atá thart orainn i stát a bhí naimhdeach inár n-éadan a athrú, agus a athrú ó bhonn.”
“Nuair a amharcann muid ar an bhfás atá ag teacht ar an Ghaelscolaíocht ó thuaidh agus an tionchar iontach dearfach atá á dhéanamh ag leithéidí Kneecap agus eile, feicimid go bhfuil muid ag bogadh isteach i dtréimhse atá thar a bheith maith maidir leis an teanga.”
“Táimid ag obair i láthair na huaire ar bhille don Ghaelscolaíocht agus tá súil againn an samhail a úsáideadh don oideachas imeasctha dhá bhliain ó shin [a leanacht].” Tagairt atá ansin don Acht um Oideachas Imeasctha faoina bhfuil dualgas ar an Roinn Oideachais ó thuaidh ‘oideachas imeasctha a spreagadh, a éascú agus tacú leis’. Athrú bunúsach eile ar an gcóras a bheadh ansin.
“Tá dul chun cinn thar a bheith suntasach á dhéanamh, ach tá neart cathanna fós le troid againn,” a dúirt Ó Tiarnaigh.
“Ach tá mé cinnte, leis an choimisinéir cuí, le toil pholaitiúil agus pobal eagraithe, gur féidir linn an dul chun cinn sin a dhéanamh agus aon chath atá romhainn a bhuachan.”