Tá Kieran McKenna, fear 39 mbliana d’aois as Fear Manach, ina bhainisteoir gairmiúil ar Ipswich Town ó bhí 2021 ann. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil ardú céime i ndán don chlub ag deireadh an tséasúir agus iad ag cruthú go láidir faoi láthair faoina stiúir. Dícháilíodh an fhoireann as an bPríomhroinn anuraidh ach dealraíonn sé go mbeidh siad ar ais ag feidhmiú ann go luath. Cé gur rugadh Kieran i Londain, tógadh i gContae Fhear Manach é, áit ar bhláthaigh a ghrá don sacar agus do spóirt eile faoi aois. D’fhás sé aníos i dteach gnóthach agus bhí sé dírithe ar an spórt ó aois an-óg. Le linn a thréimhse imeartha, d’imir McKenna le Tuaisceart Éireann ag leibhéal faoi 19 agus faoi 21. D’aimsigh sé cúl álainn i gcoinne na Fionlainne agus é ag imirt ar an bhfoireann faoi 19.
D’imir McKenna peil Ghaelach freisin le Gaeil Inis Ceithleann agus é ag fás aníos. Bhí sé an-díograiseach, an-dícheallach, an-chliste. D’fhreastal sé ar Choláiste Mhichíl in Inis Ceithleann. Nuair a bhí Kieran sé bliana déag d’aois, chonaic fear darb ainm Gerry McKee é — scabhta de chuid Spurs sa Tuaisceart ag an am. Thug sé anonn é le haghaidh roinnt trialacha. Ghlac Tottenham le Kieran agus thosaigh sé leis an bhfoireann Faoi-17. Ba chéim thábhachtach é gur éirigh le Kieran áit a fháil i gcóras óige Tottenham Hotspur agus é i measc na n-imreoirí óga a raibh an-ghealladh fúthu.
I lár 2004, bhí sé ar imeall na chéad fhoirne in Tottenham agus á roghnú i bhfoirne réamhséasúir ag an mbainisteoir Jacques Santini. Fiú nuair a tháinig Martin Jol in áit Santini níos déanaí an bhliain sin, bhí an chuma air go raibh McKenna ar tí an dul chun cinn mór a dhéanamh. Faoi 2007, bhí sé ina chaptaen ar fhoireann taca Spurs agus ar fhoireann faoi 21 Thuaisceart Éireann. Ach bhí an deis le himirt leis an gcéad fhoireann ag White Hart Lane ag sleamhnú uaidh. An bhliain sin, thosaigh sé ag fulaingt de bharr gortú cromáin agus bhí sé deacair air faoiseamh a fháil uaidh. I mí Eanáir 2008, theip ar aistriú ar iasacht go Barnet ag an nóiméad deireanach. Bhí sé dóchasach go réiteodh obráid an fhadhb lena chromán ach d’fhág an tréimhse ar lár é níos faide síos an t-ord tosaíochta. Nuair a d’fhill sé ar an imirt, ní raibh sé ar ais ar a sheanléim. Faoi dheireadh, agus gan mórán roghanna aige, chinn sé ar an dara hobráid a fháil ar a chromán. Ach níor mhair a shaol imeartha i bhfad eile.
Ag tús 2009, shuigh na dochtúirí síos leis agus thug siad an drochscéal dó go gcaithfeadh sé éirí as an imirt, gan é ach dhá bhliain is fiche. Cuireadh deireadh lena ghairm mar imreoir sacair. D’fhág sé seo faoi bhrú é ach níor chaill sé a mhisneach. Bhreathnaigh sé ar an gcéad chéim eile: oideachas, anailís agus cóitseáil. Chuaigh McKenna go Ollscoil Loughborough, áit a ndearna sé staidéar ar an eolaíocht spóirt. Sa choláiste céanna ghlac rinne sé a chéad chéimeanna mar chóitseálaí faoi aois, ag obair le foirne óga agus ag foghlaim na gcleachtas is déine sa pheil. Ag deireadh na chéad bhliana acadúla, chaith sé dhá mhí leis an gcumann sacair na Vancouver Whitecaps mar chóitseálaí cuairte. Bhí sé gníomhach le scuadanna óga ag Leicester City agus Nottingham Forest chomh maith.
READ MORE
D’fhill sé ar Tottenham tar éis dó céim a bhaint amach, ceapadh é ina Cheannaire ar Anailís Feidhmíochta Acadamh Spurs agus ina dhiaidh sin mar chóitseálaí ar an bhfoireann faoi 18. In 2015 stiúraigh sé iad go dtí cluiche leathcheannais Chorn Óige an FA. Aithníodh ansin agus aithnítear fós é mar dhuine a thuigeann an cluiche go straitéiseach. Chinntigh sé go raibh a chuid imreoirí réidh ó thaobh na síceolaíochta de agus go fisiciúil.
In 2016, bhog McKenna go Manchester United áit a raibh sé i gceannas ar an bhfoireann faoi 18. Faoi stiúir McKenna, bhí tréimhse rathúil ag an bhfoireann óg. Ina dhiaidh sin ghlac sé lena ról nua mar chóitseálaí, in éineacht le Michael Carrick, ar an gcéad fhoireann faoi José Mourinho in 2017. D’ardaigh José Mourinho é go ról an chóitseálaí chúnta. Tríocha dó bliain a bhí Kieran ag an am agus ní raibh ach 18 mí caite aige le Manchester United. Chuir sé leis an gcéad fhoireann trí bheith ina chabhair le bunú straitéisí spóirt, ullmhúchán do na cluichí agus forbairt imreoirí. Bhí ról lárnach aige i bhforbairt imreoirí óga ar nós Angel Gomes, Tahith Chong agus Mason Greenwood.
Ar an 16 Nollaig 2021, ceapadh McKenna mar an 19ú bainisteoir buan i stair Ipswich Town agus níorbh fhada go raibh sé ag cur leis an gcultúr agus leis an stíl imeartha ag Portman Road. Ina chéad séasúr iomlán, threoraigh sé an fhoireann as an gCéad Sraith go dtí Craobh an EFL, agus ansin, an séasúr dár gcionn, chabhraigh sé leo ardú céime a fháil go dtí an Phríomhroinn den chéad uair le 22 bhliain. Bhí an dá ardú seo thar a bheith suntasach agus léirigh sé cumas agus buanna McKenna.
Mar thoradh ar an rath seo, bronnadh roinnt gradaim phearsanta air - Bainisteoir an tSéasúir sa Chraobh EFL agus Bainisteoir na bliana LMA. In 2024, bronnadh dochtúireacht oinigh air ag Ollscoil Suffolk mar aitheantas ar a thionchar ar an gclub agus ar an bpobal agus é i mbun a chuid oibre ag Ipswich. Cé go raibh sé an-óg nuair a chuir sé tús lena ghairm bhainistíochta, tá clú agus cáil bainte amach aige mar cheannródaí agus é ag teacht ó chúlra láidir peile agus eolaíochta spóirt. Is scéal bróid é do phobal spóirt Fhear Manach agus dóibh siúd a lean McKenna le fiche bliain anuas. In ainneoin na ndúshlán, léiríonn a scéal diongbháilteacht agus iarracht mhór mhacánta.









