Dá roghnófá sean-nath amháin chun cur síos beacht a dhéanamh ar mheon pháirtithe an fhreasúra táim cinnte go rithfeadh an ceann seo leat: Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
Cinnte, don té a bhíonn ina shuí ar na binsí thall sa Dáil, bíonn dhá chuspóir aige nó aici. An chéad cheann ná cur i gcoinne pholasaithe an rialtais. An dara ceann ná fís mhalartach a leagan amach don domhan, ag argóint gur féidir teacht ar Thír Tairngire pholaitiúil éigin.
Níl aon pháirtí níos fearr aige seo ná na Daonlathaithe Sóisialta. Cé go bhfuil an páirtí ar an bhfód le deich mbliana anois, tá an t-aos óg níos meallta aige ná ag aon pháirtí eile. Tá sé beagán níos liobrálaí ná páirtithe eile ar an lár-chlé: an Comhaontas Glas agus Páirtí an Lucht Oibre.
Reáchtáil siad a gcomhdháil náisiúnta i gCorcaigh níos luaithe an mhí seo agus ba léir go raibh meon agus cur chuige difriúil le brath i gcomparáid le páirtithe eile.
READ MORE
Mar shampla, maidir le ceist na hinimirce, glacann na Daonlathaithe Sóisialta seasamh i bhfad níos liobrálaí ná páirtithe eile, cé is moite de Phobal Seachas Brabús. Cé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta in Éirinn, an argóint atá ag an bpáirtí go bhfuil an líon fós sách beag i gcomhthéacs na hinimirce iomláine agus i gcomhthéacs an daonra ar fad. Dá bhrí sin, maíonn siad nach bhfuil gá leis na beartais chrua atá á leanúint ag an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan.
Ar an gceist sin go háirithe, tá an páirtí ag snámh in aghaidh easa.
Ní páirtí uileghabhálach é na SocDems ar nós an dá mhórpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil. Tá sé tarraingteach do mhionlach áirithe i sochaí na hÉireann - liobrálaigh, idéalaithe, don chuid is mó ón aos óg.
Ceann de na rudaí ba shuimiúla in óráid Holly Cairns dá comhaltaí…ná go bhfuil an páirtí anois ag smaoineamh go dáiríre ar bheith mar chuid den chéad rialtas eile.
Tháinig mórán de ghníomhaithe an pháirtí isteach sa pholaitíocht i ndiaidh reifreann an chomhionannais pósta in 2015, nó reifreann an ghinmhillte in 2018.
Dar lena gcéilí comhraic, tarraingíonn an páirtí ról an mhorálaí mhóir air féin. Níl sé sásta glacadh leis na comhréitigh dheacra atá riachtanach chun cinntí polaitiúla crua a dhéanamh sa saol fíor. Níl sé toilteanach aon rud a dhéanamh a shalódh a cháil.
Tá an ceannaire, Holly Cairns, éagsúil ó cheannairí polaitiúla eile sa Dáil. Tá sí sách óg i gcomparáid leo agus tháinig sí isteach sa pholaitíocht ar an mbealach céanna is a dtáinig go leor dá leathbhádóirí, trí bheith gníomhach san fheachtas reifrinn in 2018.
Ní dual di a bheith achrannach, murab ionann is na ceannairí eile. Ullmhaíonn sí go cúramach i gcónaí agus níl sé de nós aici rudaí a rá amach ar an bpointe boise.
Leagann sí síos caighdeán an-ard, ró-ard b’fhéidir, do pháirtí comhrialtais nach bhfuil an dara rogha aige ach comhghéilleadh a dhéanamh ar mhaithe leis an Stát ina iomlán.
Is minic a chuirtear smál ar pháirtí nuair a théann sé isteach i rialtas, rud nach bhfuil déanta ag na Daonlathaithe Sóisialta ar ndóigh, agus is leis an easpa smáil sin a bhaineann cuid den rath atá ar an bpáirtí sna pobalbhreitheanna. Is mór idir é seo agus taithí na nGlasach agus an Lucht Oibre. Thit líon tacaíochta an dá pháirtí go grinneall tar éis dóibh teacht amach as rialtas.
Níl na Daonlathaithe Sóisialta chomh saonta is nach dtuigeann siad go dtarlóidh an rud céanna dóibh nuair a rachaidh siad isteach sa rialtas. Ceann de na rudaí ba shuimiúla in óráid Holly Cairns dá comhaltaí, agus leideanna a thug sí le fios domsa, ná go bhfuil an páirtí anois ag smaoineamh go dáiríre ar bheith mar chuid den chéad rialtas eile.
Den chéad uair, níor chuir sí as an áireamh comhoibriú le Fianna Fáil ná le Fine Gael. Ar an dara dul síos, bhí sí níos réadúla agus í ag nochtadh a cuid tuairimí faoi chuairt an Taoisigh Micheál Martin ar an Teach Bán i mí an Mhárta. In ionad iachall a chur air baghcat a dhéanamh ar an ócáid, chuir sí fainic air agus dúirt leis a bheith tréan i láthair Donald Trump agus in aghaidh bhearta an bhaitín.
Mar aon le mórchuid na bpáirtithe sa fhreasúra, tá na Daonlathaithe Sóisialta i gcoinne aon athrú a dhéanamh ar stádas neodrachta na tíre agus tá siad ag iarraidh go gcoinneofaí an glas triarach i bhfeidhm.
É sin ráite, rinne Cairns an pointe tábhachtach go bhfuil cosaint láidir chuimsitheach riachtanach fiú do thír neodrach. Mar a dúirt sí féin: ní hionann a bheith neodrach agus a bheith gan chosaint.
Chuir bua Catherine Connolly sa toghchán uachtaránachta leis an bhféidearthacht go mbeadh eite chlé aontaithe ann — fórsa páirtithe clé a d’fhéadfadh rialtas lár-chlé a bhunú in Éirinn den chéad uair ó bunaíodh an stát.
Feicfidh muid uainn i mí na Bealtaine leis an dá fhothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Ní dóigh liom go bhfeicfimid athimirt den straitéis ‘Clé Aontaithe’ a chonacthas sa olltoghchán i mí na Samhna.
Mar sin féin, measaim go dtabharfaidh páirtithe na heite clé aistrithe dá chéile.
D’fhéadfaimis iarrthóir clé a fheiceáil ag buachan i mBaile Átha Cliath Láir, agus tá seans maith ag iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, Daniel Ennis, cé go gcreidim go mbeidh iarrthóir Shinn Féin mar rogha na coitiantachta.
Tá iarrthóir an pháirtí i nGaillimh Thiar suimiúil freisin. Míde Nic Fhionnlaoich is ainm di, cainteoir dúchais ó Cheantar na nOileán. Faoi láthair níl mórán aithne uirthi, ach má chuireann sí feachtas láidir fúithi idir seo agus mí na Bealtaine, d’fhéadfadh sí déanamh go maith.
Tá Gaillimh Thiar deacair, áfach. Is dáilcheantar tuaithe agus cathrach é, agus ní dóigh liom go mbeadh comhghuaillíocht chlé láidir go leor chun suíochán a bhuachan. Sin iad na cnoic ghlasa os comhair na heite clé arís.














