I dtús báire inniu luafaidh muid roinnt focal ar fiú smaoineamh orthu agus ar an méid den bhunchiall a bhí leo a mhaireann sa teanga bheo go fóill. Is minic a mhaireann iarsmaí tábhachtacha sa teanga bheo atá caillte anois sa litríocht. Tá muid go léir eolach ar an fhocal dearbh agus focail a cumadh as. Cluineann sibh go minic an focal dearbhán in úsáid ar Raidió na Gaeltachta.
Is é an bhunbhrí a bhí le derbh – an leagan Sean-Ghaeilge den fhocal ‘a bheith cinnte, gan amhras ar bith’ is araile. Ach sa chaint agus sa litríocht mhair úsáidí eile. Deirtear Bhí sí ann go cinnte, dearfa; Tá a dhearbh sin agat anois. Cé gur dóiche gurb ionann brí do deimhin agus dearbh, is minic a chuirtear le chéile iad go deimhin dearfa agus go dearbh deimhin - ‘downright certain’. Tá dearbh dubh ann fosta a chiallaíonn ‘pitch-black’. Agus ar ndóigh luaigh muid cheana in alt eile gurb í an mhír nó an focal derbh/dearbh atá sa chéad cuid de na focail deartháir agus deirfiúr. Sa chás seo is gaol fola a chuireann an mhír in iúl - is é sin gaol cinnte.
Déarfaidh mé cúpla focal anois faoi úsáid dearg le treise a chur le focail eile nó le dath eile. Dearg ár a deirtear nuair a bhítear ag cur síos ar chogadh nó ar chathanna áit a maraítear cuid mhór daoine. Dearg-chorcra a thugtar ar an dath a bhfuil ‘crimson’ air i mBéarla. Ansin nuair a bhíonn talamh nó ithir á rómhar nó á dtiontú bun os cionn deirtear deargaigh an ithir mar gur minic imir dhearg le feiceáil inti nuair a thiontaítear í. Más fíor do Fhoclóir na Sean-Ghaeilge, is é An Dearg Drúchtach a bhí ar an churach a bhí ag Colm Cille. Is dóiche gur ó na dathanna a bhíonn ar an drúcht indiaidh na hoíche a tháinig an t-ainm.
Cé gurb é dreancaid atá anois go hoifigiúil ar an ainmhí bheag sin a dtugtar ‘a flea’ air, ní sin an fhoirm go díreach a bhí air sa tSean-Ghaeilge ach dergnat ón fhocal dearg. Ní furasta breith ar an ainmhí bheag seo le fáil amach an bhfuil sé dearg ach caithfidh sé go bhfuair duine éigin súil air! Dearnad an fhoirm atá ag na hUltaigh. Nuair a bhítear ag cur síos ar dhuine nach féidir/dtig leis suí go ciúin socair, deir an seanfhocal Ultach ‘Tá sé/sí mar a bheadh dearnad oíche ann’.
READ MORE
Tarraingeoidh mé anois aird ar an réimír Dí- sa teanga seo againne agus mar a tháinig ann do na cialla uilig a tháinig chun cinn ó ré na Sean-Ghaeilge go dtí seo.
I dtús báire ba é an chiall a bhí le <i><b>dícheall</b></i> neamart a dhéanamh i do chuid oibre nó ag tabhairt neamhaird ar an méid a bhí ag tarlú thart ort.
Is é an chéad rud is ceart a rá gur ciall dhiúltach den chuid is mó a bhíonn ag an réimír Dí-, is cuma cén focal a thig ina dhiaidh. Is dóiche gurb é an focal dícheall is mó a bheadh ar eolas ag daoine inniu a bhfuil an réimír seo ann. Ach tá a chiall athraithe go mór ó ré na Sean-Ghaeilge. I dtús báire ba é an chiall a bhí le dícheall neamart a dhéanamh i do chuid oibre nó ag tabhairt neamhaird ar an méid a bhí ag tarlú thart ort. Lena chois sin, tá cuma ar an scéal go dtáinig an chiall, rudaí a cheilt nó a choinneáil i bhfolach, leis an fhocal, agus is le cúrsaí dlí a bhaineann an chiall sin. Ach is é a mhalairt de chiall a tháinig slán chugainn inniu sa NuaGhaeilge – Do dhícheall a dhéanamh: ‘To try your best’.
Tá focail eile a léiríonn an bhrí dhiúltach ar bhealaí eile. Seo sampla de sin – Dífhreagra. Is ionann sin agus a rá nach féidir/dtig freagra a thabhairt ar cibé ar bith ceist a cuireadh.
Focal coitianta eile a bhfuil an mhír dhiúltach seo ann an focal Díobháil. Ta cúpla ciall leis – dochar nó damáiste a dhéanamh do rud nó do dhuine éigin. Ciallaíonn an focal seo fosta rud a bheith ag teastáil uait nach bhfuil agat. Mar shampla, díobháil airgid – gan airgead a bheith agat. Rud a bheith de dhíobháil ort - ‘To be in need of something’.
Deirtear fosta: Cad é atá de dhíobháil ort? nó ‘What do you need/want?’.
Tá focal eile Nua-Ghaeilge againn a tháinig anuas ón tSean-Ghaeilge agus a choinnigh an chiall dhiúltach seo, is é sin an focal díobadh ‘to eliminate, to die without issue’. Ciallaíonn sé a bheith ag dul i léig, a bheith ag fáil bháis: ‘becoming extinct, dying’. Sin deireadh mo scéil inniu!
Foclóir
A thig = A thagann.
Ag cur síos ar = Describing.
A dhearbh sin = Proof of.
Comhfhocal = Compound word.
Dearg-ár = Great destruction.
Deimhin = Certain.
Faigh súil ar = To spot something, to notice.
Iarsmaí = Remnants.
Imir = Tint, Tinge.
Réimír = Prefix.
Rómhar = Digging.
Tabhair neamaird ar = Disregard.
Tarraing aird ar = Draw attention to.











