[ click hereOpens in new window ]
3 Eanáir
– Tagann Dáil Éireann le chéile agus leantar leis an díospóireacht ar an gConradh Angla-Éireannach. Chun an Conradh a fheidhmiú chaithfí an phoblacht a scor agus saorstát a chur ar bun sna 26 chontae. Bheadh rialtas, parlaimint agus arm ag Saorstát Éireann, ach bheadh ar na feisirí mionn dílseachta don Rí Sasanach a ghlacadh agus d’fhanfadh stát na sé chontae amach.
7 Eanáir
– Caitheann 64 teachta vóta ar son glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach agus caitheann 57 teachta vóta ina choinne.
9 Eanáir
– Éiríonn Éamon de Valera as a phost mar Uachtarán ar Dháil Éireann.
10 Eanáir
– Toghtar Art Ó Gríofa mar chomharba ar de Valera. Toghtar Mícheál Ó Coileáin ina Aire Airgeadais.
12 Eanáir
– Saorann Rialtas na Breataine beagnach ceithre chéad príosúnach a daoradh le linn Cogadh na Saoirse.
14 Eanáir
– Tagann baill de Shinn Féin atá ar son an Chonartha le chéile i dTeach an tArdmhéara. Socraítear ar rialtas sealadach a bhunú de réir alt 17 den Chonradh.
16 Eanáir
– Tagann Rialtas Sealadach na hÉireann le chéile den chéad uair. Glactar seilbh go hoifigiúil ón Tiarna FitzAlan-Howard (fear ionaid an rí) ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Sna seachtainí ina dhiaidh sin tosaíonn fórsaí na Breataine ag imeacht; bunaítear na Gardaí Sibhialta (an Garda Síochána ó 1923 ar aghaidh) agus croílár an Airm Náisiúnta nó Arm an tSaorstáit mar ab fhearr aithne air níos déanaí.
23 Eanáir
– Sínítear comhaontú idir Micheál Ó Coileáin agus Sir James Craig, Príomh Aire Thuaisceart Éireann, go socrófaí an teorainn trí Choimisiún na Teorann.
13 Feabhra
– Sléacht Weaver Street, Béal Feirste. Maraítear ceathrar páiste agus beirt mháthair. Gortaítear 22 páiste eile san ionsaí seo ar cheantar Caitliceach. Lean ionsaithe, díbirtí agus dúnmharaithe seicteacha mar seo ar aghaidh i rith na bliana.
15 Márta
– Bunaíonn Éamon de Valera Cumann na Poblachta. Bhí an páirtí nua in aghaidh an Chonradh Angla-Éireannach.
22 Márta
– Fógraíonn Rory O’Connor, oifigeach sinsearach san IRA, nach n-aithneoidh an tArm (IRA) údarás Dháil Éireann.
24 Márta - Dúnmharuithe McMahon. Dúnmharaítear seisear Caitliceach in ionsaí seicteach ar theach i mBéal Feirste. Creidtear go raibh na póilíní ciontach as.
26 Márta
– Fógraíonn Comhdháil an Airm (poblachtach) go mbeidh siad dílis don phoblacht agus séanann siad údarás an Rialtas Sealadach. Toghtar Liam Lynch, Rory O’Connor, Liam Mellows agus Ernie O’Malley ar Choiste Náisiúnta an airm.
Aibreán - Tugann Rialtas Thuaisceart Éireann an Bille um Chumhachtaí Speisialta isteach a ligeann dóibh triall le giúiré agus ionchoisní a chur ar leataobh agus pionós an bháis a ghearradh i gcásanna áirithe.
14 Aibreán
– Glacann Rory O’Connor agus buíon IRA seilbh ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.
26-28 Aibreán
– Dúnmharuithe Dhún Mánmhaí: Maraítear trí Phrotastúnach déag. Maíodh go raibh baint éigin acu le hArm Shasana nó go rabhadar ina sceithirí.
19 Bealtaine
– Socraíonn an IRA ar ghníomhaíocht mhíleata sna sé chontae le tacaíocht rúnda ón gCoileánach.
20 Bealtaine
– Déantar comhaontú idir Ó Coileáin agus de Valera le súil go seachnófaí cogadh. Bheadh olltoghchán ann agus sa tríú Dáil bheadh comhrialtas ann a bheadh comhdhéanta den dá thaobh. Spréachann Churchill.
31 Bealtaine
– Bagraíonn Churchill go n-athghabhfadh an Bhreatain Éire dá ndiúltódh aon bhall de chomhrialtas an Conradh a shíniú.
16 Meitheamh
– Foilsítear dréacht de Bhunreacht an tSaorstáit díreach roimh an olltoghchán. Seasann an dá thaobh faoi ainm Shinn Féin agus buann lucht tacaíochta an Chonartha 58 suíochán, in aghaidh 36 ag an taobh eile. Ba é seo an chéad olltoghchán ar sheas Páirtí an Lucht Oibre ann.
22 Meitheamh
– Dúnmharaíonn an IRA Field Marshall Sir Henry Wilson i Londain. Níl sé soiléir cé a thug an t-ordú.
25 Meitheamh
– Ordaíonn Rialtas na Breataine d’Arm na Breataine ionsaí a ullmhú chun na Ceithre Cúirteanna a ghabháil. Cuirtear moill an ar an ordú agus tugtar fógra deiridh don Rialtas Sealadach an daingean a ghabháil.
28 Meitheamh
– Cuirtear tús leis an gCogadh Cathartha nuair a ionsaíonn an tArm Náisiúnta na Ceithre Cúirteanna le gunnaítréana a thug Arm na Breataine dóibh ar iasacht.
30 Meitheamh
– Scriostar na Ceithre Cúirteanna agus cartlann staire na tíre a bhí san fhoirgneamh.
5 Iúil
– Tagann deireadh le cath Bhaile Átha Cliath. Fágtar thart ar 80 duine marbh. Gortaítear Cathal Brugha agus faigheann sé bás dhá lá ina dhiaidh sin.
7-8 Iúil
– Gabhann an tArm Náisiúnta seilbh ar Bhaile Coimín, Co Chill Mhantáin.
16 Iúil
– Gabhtar Frank Aiken agus 300 ball den IRA i nDún Dealgan. Géilleann seachtó óglach eile i gCo Shligigh.
20 Iúil
– Géilleann an IRA seilbh ar Phort Láirge.
24 Iúil
–Tagann buíon den Arm Náisiúnta i dtír in aice le Cathair na Mart i gCo Mhaigh Eo.
27 Iúil
–Éalaíonn 105 poblachtach as príosún Dhún Dealgan.
31 Iúil
– Lámhaigh oifigeach den Arm Náisiúnta an Teachta Dála Harry Boland in óstán sna Sceirí. Faigheann sé bás an lá dár gcionn.
2-8 Lúnasa
– Tagann baill den Dublin Guard i dtír san Fhianait agus cuirtear tús le hiarrachtaí an IRA a ruaigeadh as Contae Chiarraí.
7-8 Lúnasa
– Déanann an tArm Náisiúnta ionradh ón bhfarraige ar Chontae Chorcaí.
10 Lúnasa
– Glacann an tArm Náisiúnta seilbh ar Chathair Chorcaí.
12 Lúnasa
– Faigheann Art Ó Gríofa bás tobann i mBaile Átha Cliath.
22 Lúnasa
– Maraítear Mícheál Ó Coileáin i luíochán ag Béal na Bláth, i gCo Chorcaí.
9 Meán Fómhair
– An chéad chruinniú den Tríú Dáil. Ceaptar WT Cosgrave ina Uachtarán ar Dháil Éireann
17 Meán Fómhair
– Tugann WT Cosgrave Bunreacht Shaorstát Éireann faoi bhráid na Dála.
24 Samhain
– Cuirtear Erskine Childers chun báis. Daoradh chun báis é toisc gur gabhadh é agus gunna-láimhe ina sheilbh aige a thug Mícheál Ó Coileáin dó mar bhrontannas.
6 Nollaig
– Tagann an Saorstát ar an bhfód go hoifigiúil.
7 Nollaig
– Socraíonn parlaimint thuaisceart Éireann fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe. Maraítear Seán Hales TD.
8 Nollaig
– Cuirtear Rory O’Connor agus triúr eile (Liam Mellows, Richard Barrett agus Joe McKelvey) chun báis mar dhíoltas ar dhúnmharú Seán Hales. Iar-chara le O’Connor, Kevin O’Higgins, a shínigh ordú a bháis. Bliain roimhe sin sheas O’Connor le O’Higgins ag a phósadh.
13 Nollaig
– Suíonn an tOireachtas den chéad uair i dTeach Laighean.
19 Nollaig
– Cuirtear seachtar poblachtánach as Cill Dara chun báis i gCampa an Churraigh.