Lá eisceachtúil, ar go leor bealaí, a bhí ann breis is seachtain ó shin nuair a bhuaigh Ceiltigh Ghlaschú ar a gcéile comhraic, Rangers, i gcluiche ceathrú ceannais Chorn na hAlban. Níorbh fhéidir na foirne a scarúint óna chéile taobh istigh de ghnáth-am nó am breise fiú. Tar éis 120 nóiméad gan aon chúl, theastaigh ciceanna éirice sa deireadh thiar thall. D’éirigh leis na Ceiltigh an bua a fháil 4–2 agus áit sa bhabhta leathcheannais a bhaint amach. Níl aon amhras ach go bhfuil séasúr drámata eile faoi lán seoil i sraith peile na hAlban.
Ba chluiche thar a bheith dian agus cosanta é ó thús deireadh. Cé go raibh seansanna agus deiseanna maithe ag na Raonaithe, níor éirigh leo aon chúl a aimsiú. Sheas cosaint Celtic go láidir, agus bhí an fhoireann eagraithe go maith tríd an gcluiche. Le fada an lá, tá iomaíocht ghéar idir na Ceiltigh agus na Raonaithe thall. Tugtar an ‘Old Firm’ ar an gcluiche seo, cluiche atá ar cheann de na coimhlintí is mó agus is cáiliúla i saol na peile. Tá stair fhada pholaitiúil agus chultúrtha taobh thiar den chomórtas agus den dian-iomaíocht seo. Bíonn an t-atmaisféar i gcónaí teann nuair a thugann an dá fhoireann aghaidh ar a chéile agus b’amhlaidh an scéal leis an gcluiche mór ar an 8 Márta ag Staid Ibrox i nGlaschú.
Bhí an bua seo fíorthábhachtach do na Ceiltigh ar roinnt cúiseanna. Ar an gcéad dul síos, chuir sé deireadh le dóchas Rangers an comórtas a bhuachan.
Teannas, brú, agus dóchas – trí rud a bhí le brath ón lucht tacaíochta a bhí i láthair. Léirigh na Ceiltigh a neart, a gcumas agus a gcruinneas ar pháirc bhaile na ngeansaithe gorma. Scoráil siad ceithre chic éirice, agus theip ar bheirt imreoirí de chuid Rangers a gcuid iarrachtaí a bhá i gcúl na heangaí. Mar thoradh air sin, bhuaigh Celtic 4–2 le haghaidh a thabhairt ar chluiche leathcheannais an chomórtais agus faoiseamh is ríméad orthu.
Is é an bainisteoir cáiliúil Martin O’Neill atá ag treorú Celtic faoi láthair. Is duine é a bhfuil taithí mhór aige i saol na peile agus stair fhada aige leis an gclub. Tá seanaithne ag lucht leanúna na gCeilteach ar O’Neill - bainisteoir a bhain éacht amach leis an gclub ina chéad tréimhse sa phost, agus tá go leor dóchais ann go mbeidh an rath céanna aige leis an bhfoireann anois. Ba é Brendan Rodgers a bhí ina bhainisteoir ar Cheiltigh Ghlaschú go dtí Deireadh Fómhair 2025 sular éirigh sé as a ról. Bhí sé i gceannas ar an bhfoireann ó Mheitheamh 2023 agus chaith sé tréimhse rathúil leo roimhe sin idir 2016 agus 2019. Ba é O’Neill a tháinig i gcomharbacht ar Rodgers idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag, ar bhonn sealadach. Tháinig feabhas ar thorthaí na foirne agus d’éirigh leo cáiliú do chluiche ceannais na sraithe. Ba léir go raibh tuiscint idir fear Chontae Dhoire agus na himreoirí, a bhí ag obair as lámh a chéile. Ceapadh Wilfried Nancy mí na Nollag seo caite ach níor mhair a thréimhse mar bhainisteoir i bhfad, 33 lá sular tugadh bata is bóthar dó! Iarradh ar O’Neill teacht isteach arís, fear 74 bliana d’aois agus caithfear a rá go bhfuil ag éirí thar cionn leis.
READ MORE
Duine de na himreoirí is tábhachtaí san fhoireann ná captaen na foirne, an tÉireannach Liam Scales. Tá Liam ina chaptaen ó gortaíodh Calum McGregor. Ceannaire láidir is ea é ar an bpáirc agus tá ról lárnach aige sa chosaint, imreoir an-fhisiciúil agus tá sé fíorchumasach san aer. Sa chluiche i gcoinne Rangers, bhí cosaint Celtic faoi bhrú arís agus arís eile, ach d’éirigh le Scales agus lena chomhimreoirí an fód a sheasamh. Léirigh sé ceannaireacht agus clisteacht i gceann de na cluichí is mó sa séasúr.
Bhí an bua seo fíorthábhachtach do na Ceiltigh ar roinnt cúiseanna. Ar an gcéad dul síos, chuir sé deireadh le dóchas Rangers an comórtas a bhuachan. Ina cheann sin, thug sé borradh mór muiníne don fhoireann agus don lucht leanúna. Agus ar deireadh, tá na Ceiltigh níos gaire do thrófaí eile. Mar sin féin, bhí scáth beag ar an mbua mar gheall ar eachtraí tar éis an chluiche. Tar éis na feadóige deiridh, tháinig go leor de lucht leanúna ón dá thaobh amach ar an bpáirc agus d’éirigh idir na grúpaí éagsúla. B’éigean do na póilíní agus na stiúrthóirí dul isteach chun smacht a fháil orthu.

Cé go raibh an bua i gCorn na hAlban in aghaidh na Raonaithe thar a bheith tábhachtach, tá rás na sraithe fós idir dhá cheann na meá. Faoi láthair, tá Heart of Midlothian F.C. — ar a dtugtar Hearts go minic — ar bharr na Sraithe. Tá siad ag cur brú nach beag ar na clubanna móra traidisiúnta. Le dhá scór bliain, is iad Celtic nó Rangers a bhuaigh an tSraith. Is in 1985 a thug Aberdeen an teideal leo agus ba é Alex Ferguson a bhí i gceannas orthu. Tá Hearts ar thairseach na staire anois, gan ach naoi gcluiche fágtha. I measc a gcuid imreoirí tá Éireannach eile atá ag cruthú go maith i Sraith na hAlban, mar atá Oisín McEntee, imreoir 24 bliana as an gCabhán. D’imir sé le foireann na hÉireann Faoi 21 agus tá ag éirí go maith leis ó d’aistrigh sé go Hearts i mí na Nollag.
Tá leathshúil ag na Ceiltigh ar chluiche leathcheannais Chorn na hAlban agus ar ndóigh ar an gcuid eile den séasúr sa tSraith. Tá go leor dúshlán rompu fós ach le bainistíocht Martin O’Neill, ceannaireacht Liam Scales, agus tacaíocht dhílis an lucht leanúna, is féidir leo a bheith dóchasach. Cé go bhfuil Hearts ar an mbarr faoi láthair, níl aon amhras ach go leanfaidh foireann ghlas Ghlaschú ag troid go dtí an deireadh. Léirigh an bua drámatúil i gcoinne Rangers nach ngéilleann Celtic choíche, fiú nuair a bhíonn an cluiche chomh dian agus chomh fada leis an gceann a chonacthas ag Ibrox. Bua ar leith a bhí ann a fhanfaidh i gcuimhne a lucht leanúna go ceann tamall fada.
Foclóir
gaoth – wind
seolta = sails
Glaschú = Glasgow
ciceanna éirice = penalty kicks
coimhlintí = conflicts
faoiseamh = relief
póilíní = police
lucht leanúna = fans/followers










