Leabhar Heussaff ar an ghearrliosta

Tá leabhar nua do léitheoirí óga le hAnna Heussaff, Hóng (Cló Iar-Chonnacht, €8) ar ghearrliosta CBI do ghradam leabhar na bliana do pháistí.

Is é Hóng an dara húrscéal do léitheoirí óga a scríobh Heussaff. Bhí triúr de na carachtair chéanna– Evan, Rio agus Síofra – sa chéad cheann, Vortex (Cois Life).

Tá cónaí arHeussaff i mBaile Átha Cliath, áit ar tógadh le Gaeilge í. Chaith sí blianta ag obair ar chláir raidió agus teilifíse le RTÉ.

Cluiche atá i gceist le Hóng agus casann an scéal ó Éirinn chun na Síne. Tá gluais le cabhair sa bhreis a thabhairt do léitheoirí óga.

Na Laochra is Lú le Laoise Ní Chléirigh agus Mise agus an Dragún le Patricia Forde ar na leabhair eile Ghaeilge atá ar an ghearrliosta.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times