Nuair a tháinig deireadh leis an Dara Comhairle Vatacánach sa bhliain 1965, thosnaigh na heaspaig agus na hardeaspaig agus na cairdinéil ag triall abhaile, gach duine chun a thréada féin. B’in é an t-athrú ba mhó a tháinig ar chleachtadh na hEaglaise Caitlicí leis na céadta bliain, agus arbh é an tAifreann i dteanga an phobail seachas sa Laidin impiriúlach an ceann ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar na fíréin. Fairis sin, bheadh aghaidh an tsagairt leis na daoine feasta, seachas a chúl a bheith leo.
Tá sé sa bhéaloideas, bíodh fíor nó bréagach, go ndúirt an tAreaspag Mac Uaid i mBaile Átha Cliath go raibh gach rud ceart go leor “but it’ll never catch on here”.
Tharla, áfach, agus níor thuismigh aon scoilt san eaglais anseo. Níorbh amhlaidh don uile áit eile, agus tá sa nuacht anois Cumann an Phápa Pius X, nó an Fraternitas Sacerdotis Sancti Pii X duitse. Bunaíodh iad mar ghluaiseacht fhrithghníomhach le cur in aghaidh leasuithe úd na Comhairle, agus is ann dóibh i gcónaí leis na céadta sagart agus cúpla míle ball. Dealraíonn go bhfuil an Pápa Leon thar a bheith crosta leo mar gur choisriceadar ceathrar easpag in aghaidh toil na Róimhe. Go deimhin, déanadh iad a choinnealbhá, cé go mba ghá lánfhoraois chéarach chun gach coinneal díobh a mhúchadh.
Is é oighear an scéil ná gurbh é an creideamh traidisiúnta sin le hAifreann na Laidine, cúl an tsagairt leis an bpobal, an sagart amháin chun an abhlann naofa a dháileadh, gan aon chailíní ar an altóir, an choróin Mhuire á rá go rialta, troscadh ó oíche roimh dhul chun comaoineach, cosc ar fheoil Dé hAoine, scuainí fada faoistine lasmuigh de na bothanna dorcha oíche Shathairn agus míle rud beag is mór eile, gurbh é sin an creideamh inar tógadh na glúnta Gael agus Gall.
READ MORE
Go deimhin, ba pheaca marfach cuid de na rialacha beaga a shárú agus is iomaí sin duine atá á loscadh in Acheron thíos dá ndeasca. Cé a thógfadh ar an Ardeaspag Levebre, a bhunaigh Cumann Pius X, cur i gcoinne orduithe beannaithe arbh iad bainne cíche, lón maidne agus suipéar na hoíche do na milliúin, agus gur áitíodh go solamanta go rabhadar seo de réir toil Dé? Is de dhroim oíche a cuireadh an saol sin bunoscionn, agus dá mba geit a baineadh as daoine ag an Aifreann maidin Domhnaigh, is amhlaidh gur ghoilleadar go hae agus go hanam ar go leor eile go raibh a mbeatha tiomnaithe acu do na rialacha sin.
“Bhí fear ann aon uair amháin agus d’ith sé feoil mhídhleathach Dé hAoine. Fuair sé bás agus daoradh go hIfreann é. D’ith a chara feoil cheadaithe an Aoine dar gcionn. Fuair sé bás agus chuaigh ar Neamh. Cé acu den bheirt fhear sin ab fhearr a chomhlíon toil Dé?” Is trua nár inis Íosa níos mó parabal ar an gcuma sin.
Is í an fhadhb ná gur scoilt Cumann Pius X chomh maith. Ceann dá gharlaigh is ea Cumann Pius V nach n-aithníonn Pápa ar bith ón bPius deireanach agus a deir go bhfuil an Suí folamh. Tá siad go léir neamhbhailí ó shin, Eoin, Pól, an dá Eoin Pól, Beinidict, Proinsias agus Leon. Tá daoine ar mian leo an aimsir a reo, an t-am a chur ina stad, an saol a chur ar leac oighre bhuan. Ní thig a bheith ceartchreidmheach go leor.
Mar sin a bhí riamh. Scéal siosmaí, scoilteanna, eiriceachtaí ba ea an Chríostaíocht ó thosach. Daoine ag clascairt smaointe le chéile agus an ceart acu go léir.
Níorbh aon ionadh nárbh fholáir don phríomhaoire a bhachall a luascadh agus na caoirigh a bhí ar fán a thabhairt chun smachta.














