‘Tá an dream atá ag teacht taobh thiar dínn an-tiomanta. Tá siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge chun cinn ar shlí shubstaintiúil, agus go gcuirfí acmhainní taobh thiar di.”
Sin a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus é ag trácht ar an mborradh atá faoin nGaeilge i measc an aosa óig le blianta beaga anuas.
Creideann sé go bhfuil tuiscint dhomhain ag an óige ar na cúiseanna atá taobh thiar d’imeallú na Gaeilge agus go bhfeicfear toradh ar an mborradh sin san am atá romhainn.
“Mothaím go bhfuil sé sin ar fad ag teacht,” a dúirt sé.
READ MORE
“Tá siad bródúil as an teanga agus tá siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge in úsáid.
“Cloisim níos mó cainte freisin faoin mheon iarchoilíneach. Ní dóigh liom go bhfuil daoine óga ag seachaint na ndíospóireachtaí sin anois, sílim go bhfuil siad ag iarraidh tabhairt faoin díospóireacht sin.”
Agus é ag caint le Tuarascáil ag Seas, imeacht stocaireachta bliantúil an eagrais, dúirt de Spáinn go gcreideann sé gur féidir leis an teanga ról a imirt sa phróiseas sin.
“Cinnte, sílim gurb é cuid den rud go raibh daoine ag breathnú ar fhéiniúlacht freisin. Nílimid ag rá go gcaithfidh Gaeilge a bheith agat le bheith i d’Éireannach, ach sílim go dtuigeann daoine má tá Gaeilge agat, go dtugann sé léargas iomlán éagsúil duit ar an saol in Éirinn, ar an oidhreacht, ar an stair agus gach rud eile mar tá an teanga fite fuaite i ngach rud.”
Bhí sé sin mar sprioc ag an Rialtas deireanach, ach cad a tharla? Tháinig aire isteach nár fheidhmigh air seo ar chor ar bith agus d’ísligh an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht 3 faoin gcéad.
Tá an tsuim chéanna á léiriú sa teanga ag glúin nua polaiteoirí atá ag teacht chun cinn.
Ag cruinniú de chuid Imeasc, an feachtas ar son oideachas lán-Ghaeilge, le déanaí, bhí Teachtaí Dála agus Seanadóirí i láthair a d’fhreastail ar Ghaelscoileanna iad féin nó a bhfuil páistí leo ag freastal ar scolaíocht lán-Ghaeilge.
“Rud an-spéisiúil é sin atá ag teacht le meon an phobail go ginearálta,” a dúirt de Spáinn.
“An dream nua atá ag teacht isteach, tá siad níos óige, agus má bhreathnaíonn tú ar an dream is óige sa phobal faoi láthair, tá siad an-bháúil don teanga. Ní hé an cineál báúlachta céanna é b’fhéidir is atá ag daoine níos sine. Bíonn an dream níos sine báúil don teanga, cinnte, ach ní bhíonn siad ag brú ar aghaidh le hathrú a dhéanamh.”
Dar ndóigh, bíonn ar pholaiteoirí a bheith aireach i gcónaí faoi mheon an phobail agus is léir go bhfuil luach polaitiúil leis an mbáúlacht sin anois.
“Chonaiceamar é sin nuair a toghadh an tUachtarán Catherine Connolly.”
Ach má tá téagar ar fhíor na spéire, ní mar sin atá an scéal maidir le cur chuige an Stáit, mar, dar le de Spáinn, nach ndéantar ach a dhóthain “ionas gur féidir tic a chur sa bhosca”.
Dar leis gur gá “i bhfad Éireann níos mó” a dhéanamh ó thaobh infheistíochta agus uaillmhéine an rialtais de.
Tá gá le spriocanna intomhaiste chun beartais a chur i bhfeidhm: “caithfidh tú slat tomhais a bheith agat,” a dúirt sé.
“Má bhreathnaímid ar an mBreatain Bheag, mar shampla, tá plean acu milliún cainteoirí Breatnaise a bhaint amach faoi 2050. Tá an córas oideachais lárnach sa phlean sin. Leag siad síos sprioc go n-ardófaí méid na scolaíochta Breatnaise, atá ag 23 faoin gcéad faoi láthair, go dtí 40 faoin gcéad faoi 2050. Tá siad tar éis reachtaíocht a chur tríd le déanaí a leagann síos cén áit a bhfuil gach scoil ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa. Sin uaillmhian - uaillmhian atá ceangailte le plean, atá ceangailte le hacmhainní.
“Níl sé sin ag tarlú in Éirinn,” a dúirt sé.
“Níor tharla sé nuair a cuireadh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile. Tá rudaí deasa agus maithe luaite sa phlean sin. Tá sprioc ann chun an líon cainteoirí laethúla a mhéadú ó 80,000 go dtí 250,000. Ach ní éireoidh leis.
“Tá figiúirí na gcainteoirí mórán mar an gcéanna is a bhí siad in 2010. Cén fáth? Mar níor chuir siad na hacmhainní [cuí] isteach i gceart chun é sin a dhéanamh.”
Luaigh de Spáinn an scéim pleanála teanga mar shampla de scéim nach acmhainn di clár oibre a chur i bhfeidhm de bharr easpa maoinithe.
“Nuair a cuireadh an próiseas pleanála teanga ar bun ar dtús, dúradh leis na grúpaí plean a chur le chéile. Tháinig na pleananna ar ais a chosnódh breis agus €400,000 agus dúirt siad: ‘Bhuel, tá €100,000 ar fáil, ar aghaidh libh.’
“Mar sin, bhí an uaillmhian bainte ón tús.”
Mhínigh de Spáinn gur minic nach bhfanann oibrithe pleanála teanga sa ról rófhada de bharr an easpa maoinithe.
“Tá daoine ag bogadh ar aghaidh i bhfad rósciobtha ó na postanna seo. Ní postanna iad ar féidir leanúint leo má tá tú ag iarraidh teach a thógáil nó páistí a bheith agat,” a dúirt sé.
“Tá an struchtúr foirne agus an struchtúr tuarastail le cur ina gceart.
“Ní bhíonn aon airgead fágtha ansin chun clár oibre a chur chun cinn.
“Arís, tá tic sa bhosca a deir go bhfuil an obair ag dul ar aghaidh, ach an bhfuil an rud maoinithe i gceart? Níl, agus tá cothrom na Féinne ag teastáil.”
Is dócha gurb í earnáil an Oideachais an ré chomhraic is tábhachtaí do thodhchaí na teanga agus tá Conradh na Gaeilge ag obair le Imeasc chun reachtaíocht a bhaint amach don Ghaeloideachas.
“Má chuireann tú sa chomhthéacs seo é,” a dúirt de Spáinn, “bhí aire thar a bheith báúil, Joe McHugh, a leag síos sprioc cúpla bliain ó shin an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúbailt.
“Bhí sé sin mar sprioc ag an Rialtas deireanach, ach cad a tharla? Tháinig aire isteach nár fheidhmigh air seo ar chor ar bith agus d’ísligh an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht 3 faoin gcéad.
“Is léiriú é sin nach leor sprioc a bheith luaite sa chlár rialtais [amháin]. Tá gá le reachtaíocht chun go mbeidh sé iomlán soiléir gur gá don státchóras an Ghaelscolaíocht a sholáthar.
“Agus sin a bheimid ag cur chun cinn leis na polaiteoirí, go mbeidh sprioc uaillmhianach intomhaiste ann go mbeidh 20 faoin gcéad de na daltaí ag freastal ar an nGaelscolaíocht faoi 2050.”
Seas
Is chun tabhairt faoi chuid de na heasnaimh mhaoinithe a reáchtáiltear Seas agus bíonn deis ag grúpaí teanga agus pobail casadh le polaiteoirí chun na cúrsaí sin a phlé.
Tá sé mar sprioc ag Conradh na Gaeilge go n-ardófar caiteachas an Stáit ar an earnáil ón 0.17 faoin gcéad go dtí 0.4 faoin gcéad.
“Dá n-éireodh linn é sin a bhaint amach, bheadh breis is €200 milliún sa bhreis ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.”
Creideann de Spáinn go bhfuil dul chun cinn éigin déanta faoin Aire Dara Calleary ach gur gá níos mó a dhéanamh. “In 2026 tá €23 mhilliún sa bhreis ag Roinn na Gaeltachta agus ¤5.3 milliún sa bhreis ag TG4.
“Níl mé ag rá gurb é sin an méid atá ag teastáil ach ar a laghad táimid ag dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí de réir a chéile agus ag cur in iúl dóibh go bhfuil an bonnleibhéal maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i bhfad ró-íseal.
“Ach ní léiríonn sé tosaíocht agus caithfear dul i ngleic leis na heasnaimh le harduithe móra leanúnacha sa chéad chúpla bliain atá romhainn.”
Foclóir: imeallú – marginalisation; iarchoilíneach – postcolonial; ré chomhraic - battle-ground; uaillmhian – ambition; intomhaiste – measurable; stocaireacht – lobbying; bonnleibhéal - baseline level.











