Nuair a bhíos ag obair i gcoláistí léinn éagsúla bhí de phribhléid agam seomra dem chuid féin a bheith agam d’fhonn a raibh de dhramhaíl im thimpeall a choimeád slán. Bhíodh seilf amháin in áirithe in airde i leataoibh os cionn gach sraith leabhar eile a mbeannaínn di gach maidin. Is inti a choinnínn tuarascálacha agus imeachtaí coistí agus pleananna forbartha agus bearta straitéiseacha agus tograí fadtéarmacha agus tionscnaimh ghníomhaíochta faoina gclúdaigh shnasta agus iad ag stánadh anuas orm. Sa bheannacht dom, deirinn leo, agus méar á síneadh agam ina dtreo, ‘Féach, a chonablaigh, níor tharla tada! Tusa thuas ansin, níor tharla giob! Faic de na moltaí seo níor cuireadh i bhfeidhm! Pioc de thoradh níl ar do shaothar! Tú chomh seasc leis an bhfriotal ina bhfuil tú scríofa!’
N’fheadar cad ina thaobh gur rith seo liom nuair a fógraíodh go mbeadh páipéar nó plébhladar á ullmhú ar ball mar gheall ar athaontú na hÉireann ag Fine Gael. Níorbh é gur cur amú ama ba ea na tuarascálacha sin, ach díomailt focal. Tá banc dramhaíola faoi leith i leataoibh na slí ar do bhealach go dtí an phluais i lár na cruinne ina bhfuil na tuarascálacha, na bearta, na pleananna, na tograí nár cuireadh i bhfeidhm riamh ina luí ag feitheamh leis an aiséirí nach dtiocfaidh a choíche ná go deo.
Dá mhéid an plé is ea is lú an gníomh.
Is maith go mbeadh Fine Gael ag tochas a gcinn maidir leis na sé chontaetha a teascadh ón gcuid eile den tír le socrú réitigh an chonartha úd agus iad ag iarraidh iad a thabhairt ar ais ó imeall na slí. Is fearr fós é nuair atá an leath eile dá bpáirtí a dtugtar FF air ag iarraidh aon díospóireacht a sheachaint, nó a chur ar ingne móra fada. Is lánait le pobal na tíre nuair atá pairtí De Valera níos cúthaile leithscéalaí dulta-i-bhfolach maidir le dán na tíre go hiomlán ná oidhre an pháirtí phairlimintigh Éireannaigh a bhíodh sásta le rialtas baile. B’fhéidir go bhfuil cúpla duine ann fós a bhfuil cuimhne acu ar Mhíchéal Ó Coileáin.
READ MORE
Is é an baol is mó atá ann ná go dtosnófar ag clabaireacht láithreach ar chúrsaí airgid agus eacnamaíochta. Ní cúrsai airgid ná eacnamaíochta a chomáin gluaiseacht chun saoirse riamh (botún a dhein Alba ligean dó teacht i lár an aonaigh). Nuair a bhí, abraimis, an Laitvia nó an Liotuáin ag téisclim chun imeachta ón Aontas Sóivéadach ní raibh an t-aos intleachta ná duine ar bith eile ag éamh go mbeadh tubaist eacnamaíochta ann dá dheasca. Bhí, mar a tharla, agus go dona, ach tá sin leigheasta ó shin. Inár gcás féin, má dhéantar scagadh ar na milliúin gan áireamh d’fhocail ar dhíospóireacht na saoirse idir tuairim is 1880 agus 1920, fíorbheag de a bhain leis an mbochtaineacht a leanfadh. Agus lean. Ach féach anois sinn!
Níl de chruinneas ag an aos eacnamaíochta ach a gheofá ó dhuilleoga an tae i mbun an chupáin, ó leathanach na réaltaí ar cheirtnuachtán, ar ionathar muice a léamh le dul faoi na gréine ag grianstad Aibreáin ar shleasa Chruach Phádraig; agus tá de dhusta draíochta acu na figiúir a phioctar ó fhigiúir eile a phioctar mar a phioctaí sméara dubha sa samhradh de ghlanseans.
Má tá sé i ndán is go ndéanfar an lot stairiúil arb é deighilt na tíre í, agus na héagóracha a déanadh mar neamhréiteach ina dhiaidh a chur ina cheart, fara gach dícheall a dhéanamh cuid den phobal aontachtach a thabhairt isteach mar áis dínite sa tír, ní hí an eacnamaíocht a mheáfaidh ach brí níos luachmhaire ná sin.
Is í an toil is tábhachtaí, agus ní hé an plépháipéar.













